Currently No Video Available
Clean Lyric
Paragraph Lyric
Rinne mé smaointeamh in m'intinn is lean mé dó go cinnte
Go rachainn ó mo mhuintir anonn 'un Oileáin Úir
Tá mé 'g iarraidh impí ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa
Mo shábháil ar gach dáinséar go gcríochnaí mé mo shiúl

Shiúl mé fiche míle 's níor casadh orm Críostaí
Capall, bó, ná caora dheánfadh inghilt ar an fhéar
Ach coillte dlúth' is gleanntáin agus búirtheach beithidhigh allta
Fir is mná gan toint' orthu a chasfainn fá mo mhéar

Tharlaigh 'steach i dtoigh mé is casadh orm daoiní
D'fhiafraigh siad cárbh as mé nó'n tír 'nár tógadh mé
Labhair mé leof' i mBéarla gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch Eirne i gCoillidh Lios na bhFraoch
Bhí cailleach insa chlúdaigh is í ina suí go súgach
D'éirigh sí go lúfar agus chraith sí liom lámh
Sé d'bheatha fear do thíre ar' bhfaca mé de dhaoiní
Nár tógadh mis' in Éirinn i mBaile Lios Béal Atha

Nuair a chonnaic mé na daoiní is ansin a rinne mé smaointe
Gur méanar dá mbeinn in Éirinn 's mé sínte faoi chlár
Nó sin an áit a bhfuighfinn a' t-aos óg bheadh laghach aoibhinn
A chaithfeadh liom an oíche 'gus páirt mhór den lá
Rinne mé smaointeamh in m'intinn is lean mé dó go cinnte   Go rachainn ó mo mhuintir anonn 'un Oileáin Úir   Tá mé 'g iarraidh impí ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa   Mo shábháil ar gach dáinséar go gcríochnaí mé mo shiúl      Shiúl mé fiche míle 's níor casadh orm Críostaí   Capall, bó, ná caora dheánfadh inghilt ar an fhéar   Ach coillte dlúth' is gleanntáin agus búirtheach beithidhigh allta   Fir is mná gan toint' orthu a chasfainn fá mo mhéar      Tharlaigh 'steach i dtoigh mé is casadh orm daoiní   D'fhiafraigh siad cárbh as mé nó'n tír 'nár tógadh mé   Labhair mé leof' i mBéarla gur tógadh mé in Éirinn   Láimh le Loch Eirne i gCoillidh Lios na bhFraoch   Bhí cailleach insa chlúdaigh is í ina suí go súgach   D'éirigh sí go lúfar agus chraith sí liom lámh   Sé d'bheatha fear do thíre ar' bhfaca mé de dhaoiní   Nár tógadh mis' in Éirinn i mBaile Lios Béal Atha      Nuair a chonnaic mé na daoiní is ansin a rinne mé smaointe   Gur méanar dá mbeinn in Éirinn 's mé sínte faoi chlár   Nó sin an áit a bhfuighfinn a' t-aos óg bheadh laghach aoibhinn   A chaithfeadh liom an oíche 'gus páirt mhór den lá